D'fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh d’imeoir na craoibhe 2022 i nDún na nGall le bronnadh ar Brendan McDyre ó fhochumann Naomh Conaill sna Gleannta.

Fuair Naomh Conaill an bua ar Naomh Adhamhnáin i mbliana i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall i mí Dheireadh Fómhair. Bhí taispeántas McDyre sa chluiche ceannais ar fheabhas agus d’aimsigh sé trí phointe.

Is as Na Gleannta ó dhúchas do McDyre, 35, ach tá sé ina chónaí anois i mbaile Dhún na nGall. Bhain sé a chéad chraobh shinsir contae sa bhliain 2005 le Naomh Conaill, agus tá sé fós ag imirt dóibh seacht mbliana déag níos deireanaí, agus ról lárnach aige ar an bhfoireann go fóill.

Dúirt Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta:

"Bhí taispeántas McDyre i gcluiche ceannais na bliana seo ar fheabhas, agus bhí ról iontach-tábhachtach aige i gcluichí eile na craoibhe fosta in ainneoin go raibh gortaithe ag cur as dó. Tá seirbhís fhada tugtha aige dá chumann, agus léirigh a thaispeántas i gcluiche ceannais na bliana seo an grá atá aige don pheil agus dá pharóiste. Comhghairdeas le Brendan, agus mo bhuíochas fosta d’iriseoirí spóirt na contae seo a tháinig le chéile chun buaiteoir ghradam na bliana seo a roghnú."

Bronntar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh gach bliain ar imreoir na craoibhe i nDún na nGall. Is iad coiste d’iriseoirí spóirt Dhún na nGall a dhéanann an rogha, agus is é Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiúin RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhíonn i mbun cathaoirleachta ar an gcoiste.

Bronnfar an gradam ar Brendan McDyre ag Comhdháil Bhliantúil CLG Dhún na nGall.

Cailleadh an craoltóir Séamus Mac Géidigh sa bhliain 2016, fear a raibh aithne faoi leith air as feabhas a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG. Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo ina onóir. Go dtí seo, bronnadh an gradam ar Michael Murphy, Mark McHugh, Odhrán Mac Niallais, Ciarán Thompson agus Caolan Ward.

Is é an dealbhóir Redmond Herrity a chruthaigh an gradam as Cloch Éibhir Dhún na nGall i gcruth an Earagail, le pictiúr Sheámuis Mhic Géidigh greanta chun tosaigh air.

__________________________

Brendan McDyre to receive Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2022

RTÉ Raidió na Gaeltachta announced today that the Gradam Shéamuis Mhic Géidigh award for the player of the Donegal Championship 2022 is to be presented to Naomh Conaill's Brendan McDyre.

Naomh Conaill beat St Eunan’s by one point in this year’s Championship Final in October, and McDyre gave a brilliant performance, scoring three points in the match.

McDyre, 35, is from Na Gleannta originally, now living in Donegal town. He made his Senior Championship debut in 2005, the same year in which Naomh Conaill won their first Senior Championship title, and he has remained a vital member of the team in the seventeen years since.