Beidh eagrán speisialta ómóis den Taobh Tuathail ann Dé Céadaoin 17 Feabhra, cothrom an lae bliain ó shin a cailleadh an sár-dioscmharcach, léiritheoir agus laoch ceoil Andrew Weatherall. 

Beidh Cian Ó Cíobháin ag tabhairt chun cuimhne cuid de na dreasa ceoil eisceachtúla a chur sé i láthair, agus cuimhní cinn na n-éisteoirí ar oícheanta ar an urlár damhsa agus an Guv'nor ar na cnaipí. 

Bhíodh Weatherall anseo in Éirinn go minic, agus tá Cian ag tabhairt cuireadh do na héisteoirí aon scéalta beaga  a bhaineann leis a chur chuige don chlár speisialta seo, agus roinnfidh sé ar an gclár iad. 

Chomh maith leis sin, cloisfidh muid cuid den cheol is mó atá aitheanta le Weatherall, leithéidí 'Sabresonic’, ‘Bloodsugar’, ‘Haywire’ , ‘Double Gone Chapel’, ‘Wrong Meeting’ agus ‘A Love From Outer Space’.

Téigh i dteagmháil le Cian ar rphost att@rte.ie nó tríd na meáin shóisialta, agus tabhair cluas don chlár ó 10 pm go meánoíche. 

________________________________

On Wednesday 17th February, the first anniversary of the death of legendary DJ, producer and acid house icon Andrew Weatherall, Cian Ó Cíobháin brings us a special edition of An Taobh Tuathail based on his own, and his listeners’, memories of Weatherall’s unique DJ sets. 

He's inviting listeners to share any fond recollections they might have of a night out spent dancing to his selections, or any amusing anecdotes he may have shared with them in the smoking area or round the side of the DJ booth. 

Contact Cian by email att@rte.ie or on his social media platforms, and tune in on 17th February from 10 pm to midnight.