Go hiondúíl ar an gclár Iris Aniar chuile bhliain tagann scoláirí óga atá ag freastal ar scoil náisiúnta éicínt i gConamara isteach chomh fada leis an stáisiún i gCasla ar an 8ú Nollaig agus 'siad a lasann na soilse ar chrann Nollag an raidió.

Ach faraor, mar gheall ar an ngéarchéim sláinte agus na srianta atá i bhfeidhm, ní féidir le slua mór a theacht isteach chomh fada linn i mbliana, ach fós fhéin ba mhaith le foireann Iris Aniar dá mba dhuine óg a chasadh air na soilse aríst i mbliana.

Mar sin shocraigh siad comórtas beag a reáchtáil.

Tá siad ag iarraidh ar na daoine óga píosa filíochta a chumadh agus an téama atá i gceist ná Nollaig 2020.

Ní gá go mbeadh ann ach cúpla líne.

Is féidir é a sheoladh isteach chuig Iris Aniar ar an rphost, irisaniar@rte.ie nó dá mba mhaith libh é a thaifead agus é a sheoladh ar rphost, tá míle fáilte romhaibh é sin a dhéanamh chomh maith céanna, ach ní gá.  Tá seans go mbeidh cuid de na dánta le cloisteáil ar an gclár idir seo agus an Nollaig.

Tá agaibh go dtí deireadh na míosa, 30 Samhain, le dhul ag cumadh.

Is é Ciarán Ó Fátharta a dhéanfaidh an mholtóireacht agus a roghnóidh an buaiteoir.

Gheobhaidh an buaiteoir cuireadh isteach sa stiúideo ar an 8ú Nollaig chun na soilse ar chrann Nollag an raidió a chasadh air.  Beidh siad in ann a ndán a léamh amach ar an aer, casfaidh siad le Daidí na Nollag, agus beidh bronntanas deas aige dóibh.

Muna bhfuil an buaiteoir compórdach le teacht isteach sa stiúideo, nó muna bhfeileann sé, beidh rogha ann go gcasfaidh siad air na soilse go fíorúil ón mbaile.

Is don dream óg an comórtas seo, ach níl aon dochair má fhaigheann siad cúnamh ó Mhamaí agus Daidí.

Bí cinnte na sonraí teagmhála a chur isteach chugainn leis an dán.