Bhásaigh Joe Steve Ó Neachtain ar an Domhnach 19 Eanáir, suaimhneas síoraí dó.  Craoladh roinnt cláracha ómóis do anseo, agus is féidir éisteacht siar leo ag na nascanna thíos, an t-aifreann sochraide ina measc.

Chuir an scríbhneoir agus an foilsitheoir Micheál  Conghaile mír álainn ómóis isteach chugainn don chlár Iris Aniar ar an Aoine 24 Eanáir, agus is féidir é sin a léamh thíos freisin.  

Tobar na Cartlainne, eagrán ómóis do Joe Steve, le hEibhlín de Bhailís Dé Máirt 21 Eanáir
Blaiseadh beag d'éisteoirí don oidhreacht ársa Gaelach atá fágtha ina dhiaidh ag Joe Steve Ó Neachtain.

Aifreann sochraide Joe Steve Dé Céadaoin 22 Eanáir 
Séipéal an Chnoic, Indreabhán.  Príomhcheiliuraí: An tAthair Pádraic Ó Neachtain

Iris Aniar - Clár ómóis Dé hAoine 24 Eanáir
Páirteach sa chlár bhí - Páid Ó Neachtain, Timín Joe Tim Ó Curraoin, Donnacha Ó hÉallaithe, Josie Chóilí Óg, Seosamh Ó Cuaig, Máirtín Jaimsie, Kathleen Uí Chonghaile, Máire Ní Neachtain, Mícheál Mac Con Iomaire, Neansaí Ní Choisdealbha, Maidhc P. Ó Conaola, Lochlainn Ó Tuairisg, Liam Ó Maoladha agus Seosamh Ó Flatharta.

_____________________________________

Ómós do Joe Steve Ó Neachtain

Ní cuimhneach liom cén chéad uair a casadh orm é ach mar ba dual dá leithéid, bhí a cháil imithe roimhe agus mé eolach ar a ealaín, a cheird is a chumas speisialta scríbhneoireachta. Ach chuir mé aithne cheart air nuair a thosaigh muid ag cruinniú le chéile a chuid amhrán is agallamh beirte, don chéad leabhar dá chuid, 'Fead Ghlaice'. Beagnach 35 bliain ó shin.

Mar scríbhneoir, mairfidh a cháil go buan. Lénar linn, nó b’fhéidir riamh anall, ní ná ní raibh aon scríbhneoir Éireannach ann – i gceachtar den dá theanga – a bhí ina mháistir ar an oiread sin seánraí éagsúla scríbhneoireachta. Bhí an gearrscéal is an t-úrscéal faoina smacht aige. Tháinig an dráma stáitse, an dráma raidió is an dráma teilifíse óna pheann go paiteanta. Cár fhág tú an t-amhrán, an lúibín nó an t-agallamh beirte, an sceitse is an gheamaireacht ghealgháireach? Scríobh sé aistí eolais agus cuntais cruinn staire. Agus arnó....an fhilíocht, sea...cá mbeadh muid gan a chuid filíochta. Shil sí as a pheann agus óna bhéal mar a bheadh péarlaí óir ann.

Go deimhin, b’fhilíocht í a chuid cainte go rí-mhinic. Agus má bhí sé ina mháistir ar an nua-fhilíocht, agus bhí, ba é Bard Oifigiúil Chonamara freisin é, sa gciall is sine de ghairm an fhocail sin.

Óir, nuair a theastaigh dán d’ócáid poiblí – bíodh ina gholtraí, ina gheantraí nó ina shuantraí – ba é Joe Steve a chuimsigh smaointe an phobail agus a d’athchruthaigh na smaointe sin i bhfocail is i véarsaí....is a d’fhág mar screamhóga iad ar intinn na ndaoine.

Bhí a mhéar ar chuisle beo an phobail aige. Cuimhnigh ar Amhrán Bhobby, mar shampla, amhrán ina raibh na fíricí loma crua a chuaigh go cnáimh luaite, ach a raibh an greann gaelach dúchasach ina orlaí tríd freisin. Bhí sé in ann an tairne a bhualadh ar an mullach. Ba é guth poiblí oifigiúil an phobail é arís is arís eile ach níor chaill sé a ghuth sainiúil pearsanta fhéin.....ná a theachtaireacht – ach oiread. Ná níor ghéill sé.

Tá carnán saibhir leabhar fágtha againne aige, mar bhiseach orainn, leabhair atá lán de ghaois, de thuiscint is d’eolas. Intinn Chonamara saoraithe is na Gaeltachta. I dteanga uasal. Is beidh daoine nár rugadh fós dá léamh amach anseo. I gceann céad bliain beidh daoine fós dá dtógáil anuas de na seilfeannaí agus iad ag baint pléisiúir agus tuiscint astu. Agus dár ndóigh, gáirí agus greann óir. Bhí an ghreann is an spraoi mar phaidrín aige ina raibh muid ar fad páirteach.

Sin éacht scríbhneoireachta, ach fainic....is éacht faoi thrí é do dhuine a raibh air éirí as an scoil ag cheithre bliana déag!

Bhí croí Joe Steve in Éirinn, ach má bhí, bhí dhá chroí aige don Ghaeltacht, gach Gaeltacht, óir bhí aithne aige ar gach póca Gaeltachta sa tír. Bhí aithne air i ngach Gaeltacht dá réir....agus meas.

Ba é rí na Gaeltachta é. B’é cás na Gaeltachta agus cás a muintire, a chás, óir ní Gaeltacht gan muintir na Gaeltachta. Ba dóibh siúd a throid sé arís is arís eile le breis is trí scór bliain. Agus rinne sé sin cibé bealach ba ghá – scaití lena pheann is lena ghuth, scaití eile trí choistí, trí eagraíochtaí agus trí na chuid oibre agus scaití eile fós – nuair ba ghá sin....trí agóidí agus achrannachaí.

Ní raibh sé ina chnámha seasamh siar, ná a bheith liom leat. Ní haon Tadhg an dá thaobh a bhí ann. Dá mba ghá rud a rá...bhí sé le rá amach díreach. Ba é oidhre nádúrtha Mháirtín Uí Chadhain é....Máirtín Ó Cadhain ár linne ar go leor bealaí.

Agus sin é an rud. Ba linn ar fad Joe Steve ar bhealach éicínt, nó ba linn cuid éigin dhó. Mar bhí sé chomh flaithiúil sin, chomh fiail sin lena chuid ama. Ba leis an bpobal ar fad Joe Steve agus ní fhéadfadh an pobal a ndóthain a fháil dhó. Má bhí féile le seoladh nó Éigse le n-oscailt. Comhdháil le fógairt. Leabhar nó dlúthdhiosca le cur i láthair an phobail. Rinne sé an bheart óna chroí, is bhíodh an lucht éisteachta ina ghlaic aige.

Má tháinig Joe i gcomhluadar, sula bhfad, ba é Joe an comhluadar. Ba thimpeall air a bheadh an cruinniú.  Agus bhíodh sé fhéin i mbarr a réime agus é i gcomhluadar, bíodh sé ag caint, ag filíocht nó ag seanchas. Má bhí sé ag inseacht scéil – agus ba mhinic a bhíodh – thuig sé go raibh inseacht agus cur i láthair an scéil chomh tábhachtach leis an scéal fhéin. Agus bhí sé in ann labhairt le chuile dhuine – ón ngasúr deich mbliana istigh i mbunscoil, go dtí an seanghasúr naocha bliain d’aois, istigh in Áras na sean ndaoine. Thuig sé chuile dhuine, chuile chineál duine. Réalt a bhí ann dhóibh.

Agus domsa go pearsanta b’é mo réalt eolais é. Má bhí leagan cainte nó sean frása Gaeilge cloiste agam nár thuig mé.....ba air Joe Steve a bheadh mo thriall. Ba air a chuirfinn ceist is mé ar thóir an eolais, ar thóir fuascailte, ar thóir tuisceana, óir bhí údarás ag a fhocal. Agus sa gcor chás nach mbeadh an t-eolas ar an bpointe boise aige...ní bheadh le déanamh aige....fearacht Fhinn Mhac Cumhail fadó.....ach a ordóg a chur ina bhéal agus bheadh an t-eolas aige, nó eolas nua éicínt a bheadh i bhfad níos spéisiúla, níos spreagúla agus go minic níos croíúla.

Ba treoraí, caiptín agus ceannaire a bhí i Joe Steve Ó Neachtain, a shaibhrigh ár saol ar fad, a shaibhrigh Éire ár linne. Is iomaí síol a chuir sé dhúinn. Ag fás a bheas siad. Fúinne anois iad a leasú.

Codail a Joe, codail go sámh...i leaba na bhfocal is i véarsaí do bhrionglóidí.

Micheál Ó Conghaile