Beidh an craoltóir Seán Bán Breathnach, nó SBB mar is fearr aithne air, ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer Dé Luain 1 Aibreán. Craolfar eagrán speisialta den chlár Tús Áite ag 4.30 pm ar 1 Aibreán chun an ócáid a cheiliúradh. Beidh sé le feiceáil beo ar leathanach idirlín an chláir, agus ar leathanach Facebook an stáisiúin.
Rugadh Seán Bán Breathnach sa Chathair i gceantar Chois Fharraige i gConamara, agus thosaigh sé ag craoladh ar 1 Aibreán 1969 ar chlár darb ainm Popseó na Máirte. Na cairteanna as Gaeilge a bhí ar an gclár, agus ba é an chéad chlár beo a craoladh gan script agus an chéad chlár popcheoil i nGaeilge. Rinneadh réalt mór den chraoltóir óg, an chéad réalt mór Gaeilge sna meáin!
Ó shin i leith, d’oibrigh Seán Bán ar beagnach gach cainéal de chuid RTÉ – 2FM, áit ar chaith sé dhá bhliain ag cur i láthair clár na maidine, Raidió na Gaeltachta, áit a bhfuil sé ag obair go fóill, teilifís RTÉ, agus TG4 freisin.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
"Bhí Seán Bán Breathnach ariamh ceannródaíoch mar chraoltóir, agus thar a bheith gairmiúil. Níl mórán eile go bhfuil sé le rá acu go bhfuil 50 bliain caite acu ar an aer, agus, cé nach maith liom a bheith á rá faoi dhaoine nach mbeidh a leithéid arís ann, tá sé fíor sa chás seo, is cinnte nach mbeidh mórán eile ann cosúil le SBB. Go maire sé a nuacht."
Dé Luain 1 Aibreán, cuirfidh Michelle Nic Grianna eagrán speisialta den chlár Tús Áite i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón Lárionad Raidió i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath ó 4.30 pm – 5.55 pm. Beidh Seán Bán sa stiúideo, chomh maith le haíonna speisialta, agus iad ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le Seán ar a shaol craoltóireachta. Ar na haíonna sin, beidh Mícheál Ó Muircheartaigh, Cynthia Ní Mhurchú, an t-iománaí Joe Connolly, Jim Lockhart, Bernie Ní Fhlatharta, Tomás Mac Con Iomaire, Éamonn Ó Cíosáin, muintir Sheáin, agus neart eile.

____________________________________
Seán Bán Breathnach, or SBB as he’s better known, celebrates 50 years on air on Monday 1 April. We will broadcast a special programme live from Dublin at 4.30 pm that day to mark the occasion, with special guests in studio to celebrate Seán’s long and varied media career. The programme will be streamed live to the programme webpage, and to the station Facebook.
Seán Bán started his broadcasting career at just nineteen years of age with Popseó na Máirte on Radio Éireann on 1 April in 1969. It was the first Irish-language pop music show and the first live radio show to be broadcast without a script.
In the years since then, he has worked across almost all of RTÉ’s services including 2FM, where he presented the breakfast show for two years, RTÉ Raidió na Gaeltachta, where he continues to broadcast, and RTÉ TV, as well as TG4.
Congratulating Seán on his achievements, RTÉ Director General, Dee Forbes said, "Seán occupies a unique place in Irish broadcasting history. Not only is his career remarkable for its longevity, but also for Seán’s versatility. His ability to connect with people across media and genres, and in both Irish and English, have made him a household name and given him legendary status in Irish culture. And he’s not done yet. Comhghairdeas, Seán."
On Monday 1 April a special edition of Tús Áite will be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta to celebrate Seán’s 50 years on air. The programme will be broadcast from 4.30 pm – 5.55 pm, and guests in studio will include Mícheál Ó Muircheartaigh, Cynthia Ní Mhurchú, Galway hurler Joe Connolly, Jim Lockhart, as well as Seán’s family.
