Tá comórtas clár raidió do scoileanna dara leibhéal fógartha againn i gcomhar le Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Tá duais €1000 don chlár raidió is fearr.
Déanann Bliain na Gaeilge ceiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanáir bhí réimse leathan imeachtaí agus tograí ar bun sa tír seo agus ar fud an domhain agus é mar aidhm acu suim agus rannpháirtíocht sa teanga a spreagadh i measc an phobail.
Tá dhá chéim leis an gcomórtas seo:
Ar dtús báire, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018’. Is é Dé Luain 17 Nollaig an spriocdháta.
Ansin, roghnófar an cúig iarratas is fearr, agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur i dtoll a chéile. Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí Márta 2019.
Bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.
Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.
Le cur isteach air, ba cheart an fhoirm iarratais anseo a líonadh amach agus é a chur isteach chugainn faoin Luan 17 Nollaig ar a dheireanaí.
Is féidir ceisteanna a chur chuig comortas2018@rte.ie.
Caithfear iarratais a bheith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Luan 17 Nollaig.
Is féidir breis eolais faoi Bhliain na Gaeilge a fháil anseo.
Tabhair faoi deara:
Níl aon teorainn leis an méid scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár agus is cuma cén bhliain ina bhfuil siad.
Leagfar béim ar chláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.
Is féidir úsáid a bhaint as agallaimh, comhrá, ceol, script, sceitsí agus aon ghnéith eile a chuireann leis an gclár.
Ní mór do na cláracha atá beartaithe a bheith 30 nóiméad ar fhad.
Rialacha:
Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh an cinneadh deireanach sa chás go n-éiríonn conspóid maidir le sainmhiniú ar rialacha, ar choiníollacha rannpháirtíochta nó le haon ghné eile den chomórtas.
Ní mór muinteoir nó treoraí fásta a bheith i mbun gach grúpa a bheas i mbun gach iarratas agus clár.
Luíonn an cinneadh deiridh maidir le buaiteoirí an chomórtais leis na moltóirí agus ní bheidh aon dul thar a mbreith.
Beidh cearta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an chéad chraoladh a dhéanamh ar na cláracha a bheas istigh ar an gcomórtas.
Beidh sé de cheart ag RTÉ Raidió na Gaeltachta íomhánna a ghlactar agus a bhaineann leis na cláracha a úsáid mar ábhar poiblíochta.
Déanfar gach a bhaineann leis an gcomórtas seo tré mheán na Gaeilge.
Tá an comórtas oscailte do scoileann dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.
Roghnóidh painéal moltóirí an clár is fearr.
Craolfar na cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge 2019.
__________________________________
Together with Foras na Gaeilge,we would like to invite secondary schools across the country to send in proposals for radio programmes on the theme of Bliain na Gaeilge 2018, with a prize of €1000 up for grabs.
There are two stages to the competition.
Firstly, secondary schools across the country, north and south, are invited to submit proposals for a 30 minute radio programme in Irish on the theme of Bliain na Gaeilge 2018 by 17 December.
5 of the best proposals will be selected, and a radio producer will work with those schools to produce the programmes, for broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta during Seachtain na Gaeilge in March 2019.
The best overall programme will be awarded €1000.
To apply, schools need to fill in the application form here. Queries can be directed to comortas2018@rte.ie
Further information on Bliain na Gaeilge here.