Is ar Mark McHugh ó fho-chumann Chill Chartha a bhronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh i mbliana.
Coiste 12 duine, iriseoirí spóirt Dhún na nGall ó na meáin chlóite agus chraolta, a roghnaigh an buaiteoir.
Dúirt Damien Ó Dónaill, Cathaoirleach na moltóirí, ar an gclár Barrscéalta Dé Céadaoin:
"Roghnaíodh Mark McHugh mar imreoir na bliana mar gheall ar na scileanna eisceachtúla peile a léirigh sé ar pháirc na himeartha, agus mar a chuidigh sé lena fhoireann Craobh Dhún na nGall a bhaint i mbliana den chéad uair ó bhí 1993 ann."
"D'imir Mark ról lárnach i ngach cluiche i mbliana i lár páirce agus, corr uair, tugadh ról faoi leith dó ar an pháirc sna línte cosanta. Ina iomláine, ba é a sheas amach i mbliana ó bhí tús na craoibhe ann agus níl aon iontas ann go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh mar imreoir na bliana 2017 tuillte aige. Comhghairdeas le Mark."
Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo in onóir agus i gcuimhne ar Shéamus Mac Géidigh, craoltóir ildánach agus Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt na seirbhíse, a cailleadh go tobann i mí Iúil 2016. Bhí meas agus ómós go forleathan ar Shéamus, agus aithne air go háirithe as a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG.
Dúirt Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin:
"Sílim go mbeadh Séamus iontach sásta gur ar Mark McHugh a bhronnfar an gradam seo ina chuimhne i mbliana. Is iomaí uair a rinne sé tráchtaireacht ar ghaiscí peile Mark ar pháirc na himeartha, agus bhí sé thar a bheith bródúil as nuair a bronnadh Gradam All Star air i 2012. Is mór an trua nach bhfuil Séamus anseo lena fheiceáil, ach sílim go mbeadh sé ag teacht go hiomlán le rogha na moltóirí, agus tréaslaím a ghradam le Mark."
Bronnfar an gradam ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an 18 Samhain.
Is é an dealbhóir Redmond Herrity a chruthaigh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh as Cloch Éibhir Dhún na nGall i gcruth an Earagail, le pictiúr Sheámuis greanta chun tosaigh air.
___________________________
Mark McHugh, from Kilcar GAA, is to receive the 2017 Séamus Mac Géidigh Award.
12 Donegal sports journalists made up the selection committee for the award, under the stewardship of Damien Ó Dónaill from RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Speaking on Barrscéalta on Wednesday, Ó Dónaill said:
"Mark McHugh was chosen as the player of the year for his excellent displays on the field that saw his team won the Donegal Championship this year for the first time since 1993."
"Mark played a central role in every match, in midfield, and on occasion, in a special role in defence. Overall, he stood out from the very start of the Championship and there’s no doubt that he has earned the Séamus Mac Géidigh Award as player of the year 2017. Congratulations to Mark."
The award was inaugurated last year, and commemorates the much-loved and respected RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcaster Séamus Mac Géidigh.