Ar mhait leat obair linn anseo i RTÉ Raidió na Gaeltachta?  Tá muid ag iarraidh painéal Clár Reachtairí a earcú do sna stiúideonna sin i gCasla i gConamara, sna Doirí Beaga i nDún na nGall, i mBaile na nGall i gCiarraí agus i gceannáras Raidió RTÉ i mBaile Átha Cliath.

26 Meán Fómhair an dáta deiridh d'iarratais. 

I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:

 * Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla:  nuacht & cúrsaí reatha, spórt, ceol,       siamsaíocht, cláir irise agus tuilleadh.

* Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.

* Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile.

* Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta.

* Cabhair a thabhairt do sheirbhísí eile de chuid RTÉ de réir mar is gá.

Tá muid ag lorg daoine a bhfuil:

* Gaeilge den scoth acu, idir scríobh agus labhairt.

* Tuiscint faoi leith acu ar shaol chultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

* Eolas maith acu ar chúrsaí reatha agus nuachta, cúrsaí spóirt, cultúr, siamsaíocht agus ceol.

* Breith stuama eagarthóireachta.

* Scileanna craoltóireachta.

* Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth acu agus atá in ann a bheith ag obair as a stuaim féin nó     mar chuid d’fhoireann léiriúcháin.

* Eolas maith ar na meáin shóisialta acu agus éirim i gcúrsaí teicneolaíochta.

* Taithí i scéalta a fhorbairt, a scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.

* Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal.

Breis eolais / Cuir isteach ar an bpainéal ag an nasc seo:
http://about.rte.ie/working-with-rte/vacancies