Éist leis an gclár anseo / Listen to the programme here
Cén fáth go mbíonn drogall ar mhuintir na Gaeltachta go minic Gaeilge a labhairt le strainséirí, fiú iad siúd go bhfuil Gaeilge acu? Sin a bheidh faoi chaibidil sa chlár Nósanna Gaeltachta Dé Luain seo chugainn 2 Bealtaine ag 9.15 am.
Labhrann muintir na Gaeltachta Gaeilge eatarthu féin, ach cén teanga a labhrann siad le daoine nach as an áit iad, fiú le Gaeilgeoirí eile? Cén dearcadh atá ag na strainséirí sin ar mhuintir na Gaeltachta? An dtugann cúrsaí teanga le chéile iad, nó a mhalairt? Déanfar scagadh ar na ceisteanna seo uilig sa chlár Nósanna Gaeltachta.
Pearse Ó Caoimh a chuir an clár seo le chéile. As Cill Chainnigh ó dhúchas do Phearse, ach chaith sé bliain ina chónaí i gCarna i gConamara le déanaí le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge, áit ar chuir sé an-suim sa cheist seo.
Fuair an clár seo tacaíocht ó scéim Fuaim agus Físe de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.
_________________________________________________
Have you ever tried to practise your Irish in the Gaeltacht, only to be answered in English? Ever wondered why? Nósanna Gaeltachta, a programme to be broadcast on Monday 2 May at 9.15 am will explore the reasons why the Gaeltacht communities seem reluctant to speak Irish to people from outside the area, even those with Irish.
The programme maker, Pearse Ó Caoimh, originally from Kilkenny, made this documentary after spending a year living in Carna in Connemara in an effort to improve his Irish.