Mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, tá comórtas clár raidió fógartha againn do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre.
Cuirfear fáilte roimh mholtaí ó scoileanna do chlár raidió i nGaeilge 30 nóiméad ar fhad ar théama an Éirí Amach as seo go 7 Nollaig.
Roghnófar na cúig iarratas is fearr, agus oibreoidh léiritheoir raidió mar chomhairleoir agus meantóir leis na scoileanna chun na cláracha sin a léiriú. Craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta iad in earrach 2016. Bronnfar duais €1000 ar an gclár is fearr.
Tá an comórtas seo á reáchtáil le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Bíodh is gur comórtas atá i gceist, tabharfar cúnamh agus cabhair do na daltaí le súil suim sa chraoltóireacht agus i gcúrsaí staire a spreagadh. Is deis iontach atá anseo do dhaltaí scoile foghlaim faoin Éirí Amach agus an tionchar a bhí aige ar an tír agus an tábhacht a bhaineann leis i 2016.
Tá an comórtas oscailte do scoileann dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.
Le cur isteach air, ba cheart an fhoirm iarratais anseo a líonadh amach agus é a chur isteach chugainn faoin 7 Nollaig ar a dheireanaí.
Is féidir, ach oiread, doiciméad leis na sonraí cuí (féach an fhoirm) a sheoladh chugainn ar rphost chuig comortas1916@rte.ie . Breis eolais 091 506677.
Tabhair faoi deara:
Níl aon teorainn leis an méid scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár agus is cuma cén bhliain ina bhfuil siad.
Leagfar béim ar chláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.
Is féidir úsáid a bhaint as agallaimh, comhrá, ceol, script, sceitsí agus aon ghnéith eile a chuireann leis an gclár.
Ní mór do na cláracha atá beartaithe a bheith 30 nóiméad ar fhad.
Rialacha:
Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh an cinneadh deireanach sa chás go n-éiríonn conspóid maidir le sainmhiniú ar rialacha, ar choiníollacha rannpháirtíochta nó le haon ghné eile den chomórtas.
Ní mór muinteoir nó treoraí fásta a bheith i mbun gach grúpa a bheas i mbun gach iarratas agus clár.
Luíonn an cinneadh deiridh maidir le buaiteoirí an chomórtais leis na moltóirí agus ní bheidh aon dul thar a mbreith.
Beidh cearta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an chéad chraoladh a dhéanamh ar na cláracha a bheas istigh ar an gcomórtas.
Beidh sé de cheart ag RTÉ Raidió na Gaeltachta íomhánna a ghlactar agus a bhaineann leis na cláracha a úsáid mar ábhar poiblíochta.
Déanfar gach a bhaineann leis an gcomórtas seo tré mheán na Gaeilge.
Tá an comórtas oscailte do scoileann dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.
Caithfidh na cláracha críochnaithe a bheith curtha chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta roimh 5.00 pm ar an 4 Márta 2016.
Roghnóidh painéal moltóirí an clár is fearr.
Craolfar na cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in earrach 2016.
___________________________________
As part of our 1916 Centenary programming, we are announcing a competition for secondary schools throughout Ireland. They are invited to submit ideas for a 30 minute radio programme in Irish on the theme of the 1916 Rising. Closing date is 7 December. 5 programmes will be chosen, and a mentor will work with the school to produce the programme. The best prorgamme overall will win €1000.
To apply, click here for application form, or email the required details (see form) to comortas1916@rte.ie. Further information 091 506677.