Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair ag 1.15 pm, craolfar an clár Spiorad an Chomhluadair faoi theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, agus an tionchar a bheidh ag an atheagar ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge orthu.
Is i gCorca Dhuibhne a taifeadadh an clár faisnéise seo, áit a raibh an craoltóir Fachtna Ó Drisceoil agus a theaghlach ar shaoire Gaeltachta eagraithe ag Glór na nGael, saoire a bhíodh á heagrú ag Comhluadar go dtí seo.
Ba iad tuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge a bhunaigh an eagraíocht Comhluadar chun tacaíocht, eolas agus seirbhísí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaelacha. Go dtí i mbliana, bhí an eagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge ach mar chuid den atheagar a fógraíodh i mbliana, áfach, cuireadh deireadh iomlán le maoiniú na heagraíochta, agus is faoi chúram Ghlór na nGael a bheidh a leithéid feasta. Ba é Saoire Gaeltachta 2014 an chéad teist den socrú nua.
Sa chlár Spiorad an Chomhluadair le Fachtna Ó Drisceoil, feicfimid conas mar a éiríonn leis an saoire faoi stiúir fhoireann Ghlór na nGael. An bhfreastalóidh na teaghlaigh céanna air? An mbláthóidh obair na dteaghlach laistigh de mhór-eagraíocht a bhfuil go leor cúramaí eile air? Agus cén tairbhe a bhainfidh teaghlach Fhachtna féin as an tseachtain?
Spiorad an Chomhluadair Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair ag 1.15 pm.
Spiorad an Chomhluadair is a documentary focused on families raising their children through Irish, and the impact of recent changes to the support structures available to them.
Earlier this year, funding for the organisation Comhluadar was ended, and the responsibility for supporting families raising children through Irish moved to Glór na nGael. In this programme, Fachtna Ó Drisceoil and his family attend the first event organised under the new structure – a Gaeltacht holiday for the families – to see if the new arrangement is working.