Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972.
Craolann an tseirbhís rogha leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha, irischláracha, cláracha ceoil de gach cineál, spórt agus siamsaíocht.
Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna agus é sin féin sna ceantair Ghaeltachta amháin. Tosaíodh ag craoladh ar an ardmhinicíocht i 1973. Cuireadh leis an gcraoladh diaidh ar ndiaidh, agus i 1986 cuireadh tús le craoladh moch maidine ó Luan go hAoine leis an gclár Adhmhaidin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2001, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair an chloig in aghaidh an lae. Ba sa bhliain 2005 a ceadaíodh liricí Béarla ar an stáisiún den chéad uair le ANOCHT fm a tháinig ar an aer ar 2 Bealtaine. Anois, bíonn Raidió na Gaeltachta ag craoladh 7 lá na seachtaine, 24 uair an chloig sa lá, agus é le cloisteáil ar fud ar domhain ar chóras satailíte agus beo ar an idirlíon. Tá podchraoltaí ar fáil de roinnt cláracha, agus is féidir éisteacht siar le clár ar bith a craoladh le mí anuas ar Sheinnteoir Raidió RTÉ www.rte.ie/radioplayer
Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomhstiúideonna na seirbhíse lonnaithe - i gCasla i gConamara, i nDoirí Beaga i dTír Chonaill agus i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne. Tá stiúideo agus foireann ag an tseirbhís i mBaile Átha Cliath (RTÉ) agus baintear úsáid freisin as gréasán náisiúnta stiúideonna RTÉ.
Cuid de sheirbhís chraolta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre agus teanga chraoltóireachta na seirbhíse.
Ceannairí ar Raidió na Gaeltachta
Pádraic Ó Raghallaigh: Lúnasa 1971 - Bealtaine 1972
Aindreas Ó Gallchóir: Bealtaine 1972 - Iúil 1975
Muiris Mac Conghail: Iúil 1975 - Aibreán 1977
Proinsias Ó Duigneáin: Aibreán 1977 - Meitheamh 1978
Brian Mac Aonghusa: Meitheamh 1978 - Deireadh Fómhair 1980
Mícheál Ó Sé: Deireadh Fómhair 1980 - Feabhra 1985
Breandán Feiritéar: Feabhra 1985 - Márta 1994
Pól Ó Gallchóir: Márta 1994 - Aibreán 2000
Tomás Mac Con Iomaire: Aibreán 2000 - Eanáir 2006
Edel Ní Chuireáin: Eanáir 2006 - Aibreán 2017
Gearóid Mac Donncha: Nollaig 2018 (Ceannaire Gníomhach Aibreán 2017 - Nollaig 2018)