Díríonn an ghearrshraith trí-chlár seo le Marcus Mac Conghail ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Ríordáin. Sa chéad chlár dírítear ar an gconspóid mhór a lean foilsiú a chéad chnuasach filíochta, Eireaball Spideoige, sa bhliain 1952. Sa dara clár, dírítear ar na dánta sa chnuasach sin, agus sa tríú clár gheobhaidh muid léargas ar Sheán Ó Ríordáin mar dhuine.
This three-programme mini-series focuses on elements of the life and work of Cork poet Seán Ó Ríordáin.