Tá ríméad ar RTÉ oibriú i gcomhar le Conradh na Gaeilge arís do Sheachtain na Gaeilge 2026, tráth a ndéantar ceiliúradh bríomhar ar ár dteanga, ár gcultúr agus ar an sásamh atá le baint as do chúpla focal a labhairt. Tá Seachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón Domhnach an 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé Máirt an 17 Márta, ar cheann de na féilte Gaeilge is mó agus is cuimsithí ar domhan.

Ar RTÉ lyric fm, is é Billy Mag Fhloinn an láithreoir ar shraith nua laethúil, Focail agus Ciall. Beidh sé ag nochtadh na scéalta atá taobh thiar d'fhocail chumhachtacha i nGaeilge agus taobh thiar den bhéaloideas. Tarraingeoidh Aedín in the Afternoon (13 Márta) aird ar na healaíontóirí clasaiceacha agus traidisiúnta is fearr in Éirinn, agus in Movies and Musicals (14 Márta) déanfar ceiliúradh mór ar scannáin na hÉireann. Ar Lá Fhéile Pádraig, ar Lorcan Murray’s Classic Drive (16.00–19.00) beidh léirithe beo ó cheoltóirí traidisiúnta aitheanta agus pléifear an tionchar a bhí ag grúpaí mór le rá ó The Bothy Band go dtí The Gloaming.

Féadfaidh na héisteoirí a scíth a ligean le Suaimhneas agus cuirfidh The Lyric Feature trí chlár i láthair ina ndéantar iniúchadh ar shaibhreas na Gaeilge tríd an amhránaíocht, ábhar cartlainne agus an scéalaíocht.

A close up headshot of Billy Mag Fhloinn looking straight into the camera. He is outside with the sky behind him
Billy Mag Fhloinn

RTÉ is delighted to once again join forces with Conradh na Gaeilge for Seachtain na Gaeilge 2026, a vibrant celebration of our language, our culture and the joy of using your cúpla focal.Running from Sunday 1 March to St Patrick's Day, Tuesday 17 March, Seachtain na Gaeilge is one of the world's largest and most inclusive festivals of the Irish language.

On RTÉ lyric fm, Billy Mag Fhloinn leads a new daily series, Focail agus Ciall, uncovering the stories behind evocative Irish words and folklore. Aedín in the Afternoon (13 March) highlights Ireland's finest classical and traditional artists, while Movies and Musicals (14 March) rolls out the green carpet for a celebration of Irish film.On Lá ’le Pádraig, Lorcan Murray’s Classic Drive(16.00–19.00) showcases live performances from leading traditional musicians and explores the influence of iconic groups from The Bothy Band to The Gloaming.

Listeners can unwind with Suaimhneas and The Lyric Feature presents three programmes exploring the richness of the Irish language through song, archive and storytelling.

The Gloaming