skip to main content

'Dróin scaoilte ag an Iaráin le tíortha comharsanachta'

WASHINGTON, DC - MAY 27: U.S. President Donald Trump listens to members of his Cabinet speak during a meeting in the Cabinet Room of the White House on May 27, 2026 in Washington, DC. Trump meets with his Cabinet days after saying a peace deal with Iran w
Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump

Tuairiscítear gur maraíodh duine amháin agus gur gortaíodh roinnt daoine eile in ionsaí dróin a rinne fórsaí míleata na hIaráine ar an aerfort idirnáisiúnta i gCuáit.

Cuireadh eitiltí ar fionraí ar feadh tamaill san aerfort i bhfianaise an ionsaithe a ndearnadh go leor damáiste don phríomh-chríochfort ansin dá bharr.

Tá eitiltí ag imeacht arís ó shin as críochfort eile.

Mhaígh an Iaráin gur scaoil fórsaí na tíre dróin agus diúracáin le Cuáit, le Bairéin agus le tíortha comharsanachta eile ar comhghuaillithe le Meiriceá iad.

I ráiteas a phostáil Arm na Stát Aontaithe ar X, maíodh gur cuireadh diúracáin an namhad malairt slí agus nár bhain aon cheann acu sprioc amach – i mBairéin ar a laghad.

Le dhá mhí go leith, tá sé á rá agus á shéanadh ag an am céanna ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil margadh i ndáil le bheith déanta leis an Iaráin, margadh a chuirfeadh deireadh leis an gcogaíocht agus a thionscnódh comhráite faoi dheireadh a chur le clár núicléach na hIaráine.

Ina theannta sin, an tseachtain seo caite, d'fhógair na Stáit Aontaithe agus an Iaráin araon go raibh dul chun cinn suntasach déanta i gcomhráite faoi dheireadh a chur leis an gcoimhlint sa Mheánoirthear.

Agus an chaint sin ar fad ann, más ea, ní sé soiléir cén fáth nach bhfuil aon mhargadh curtha i bhfeidhm, mura bhfuil ann ach go bhfuil taobh amháin nó taobh eile ag iarraidh dhá cheann an mhargaidh.

Tá ceist na smachtbhannaí idirnáisiúnta ar an Iaráin sa mheá freisin.

Dúirt Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio inné go gcaithfeadh an Iaráin deireadh a chur lena clár núicléach, seachas a bheith ag caint air, le go gcuirfí deireadh leis na smachtbhannaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ