skip to main content

An Rúmáin buailte aréir ag drón ón Rúis

A fire burns on the roof of a 10-story block of flats after a drone crashed into the building, causing an explosion and injuring two people, near the border with Ukraine, in Galati, Romania
Roinnt mhaith damáiste déanta ag an drón seo

Deir Ard Rúnaí NATO,Mark Rutte go bhfuil an chomhghualaíocht faoi réir le chuile orlach dá stráicí talún a chosaint.

Ag tagairt don Rúmáin a bhí sé a d'fhulaing ionsaí dróin ón Rúis aréir.

Deir Roinn Cosanta na Rúmáine gur bhuail drón leis an Rúis bloc árasán in oirthear na tíre lámh le teorainn na hÚcráine

Gortaíodh beirt ar a laghad.

Níl a fhios fós an tré thimpiste a tharla sé seo nó an raibh an t-ionsaí dírithe go sonrach ar an Rúmáin.

Tá sé ráite ag Mark Rutte go leanfaidh NATO lena thacaíocht don Úcráin agus go gcoinneoidh sé air ag láidriú a chuid ballstát sa réigiún i gcoinne aon ionsaí ón Rúis.