skip to main content

Imní faoi scaipeadh an Ebola san Afraic

A man hangs an Ebola awareness banner in the Kigonze camp for displaced people in Bunia, eastern DRC
Imní faoi scaipeadh an Ebola san Afraic

Deir David Jones, atá ina stiúrthóir ar
Concern Worldwide i bPoblacht Daonlathach an Chongó go bhfuil an ráig is deireanaí den aicíd Ebola ag cothú go leor imní sa tír.

Tá sé ráite cheana féin ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur ráig urghnách é seo agus go bhfuil a méid agus a luas i bhfad chun cinn ar ráigeanna eile a chonacthas sa tír.

16 uair cheana a d'fhulaing an tír ón Ebola.

Deir David Jones áfach gur dúshlán mór dul i ngleic leis go háirithe i bhfianaise na cogaíochta sa tír agus na mílte duine á n-aslonnú go laethúil dá bharr.

Is in oirthuaisceart an Chongó atá croílár na haicíde seo ar an teorainn leis an tSúdáin.