Tá fear gafa ag na Gardaí faoi bhás mná sna tríochaidí a bhfuarthas a corp gar d'áras cónaithe éigeandála sa Chlochán in iarthar Chontae na Gaillimhe ar maidin inniu.
Sna tríochaidí chomh maith atá an fear a gabhadh a bhfuil cóir leighis á chur air faoi láthair.
Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile.
Is é Teach Waterloo in aice le Bóthar na Gaillimhe sa Chlochán an t-áras éigeandála atá i gceist.
Is daoine ón iasacht atá ag lorg tearmainn in Éirinn atá ina gcónaí ann.
Ba as an Iaráin an bhean a bhásaigh agus bhí sí ina cónaí sa tír seo le tuairim is dhá bhliain.
Bhí beirt pháistí aici agus tá siad ag dul ar scoil sa cheantar.
Tá scrúdú dlí-eolaíochta le déanamh ar an áit a bhfuarthas corp na mná agus tá fios curtha ag na Gardaí ar Phaiteolaí Stáit.
Deir na Gardaí go mbunóidh siad a bhfiosrúchán ar thorthaí an scrúdaithe iarbháis a dhéanfar ar chorp na mná.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ