Tá Electric Ireland leis na táillí leictreachais agus gáis a ghearrann an comhlacht ar chustaiméirí baile a ardú ón 1 Iúil.
Ardú 8% ar tháillí leictreachais agus ardú 7.7% ar tháillí gáis atá i gceist.
Ar an meán, is ionann sin agus ardú de €138.24 ar bhille leictreachais bliantúil agus ardú de €116.76 ar bhille gáis bliantúil.
Tá Electric Ireland ar an soláthraí leictreachais is mó sa tír agus thart ar 1.1 milliún custaiméir baile atá ag an gcomhlacht.
Fochomhlacht is ea Electric Ireland de chuid Ghrúpa Bhord Soláthair an Leictreachais, ar leis an Stát é.
I ráiteas, dúirt an comhlacht go mb'éigean na táillí a ardú mar go raibh praghsanna mórdhíola ar na margaí idirnáisiúnta ag ardú "de bharr na coimhlinte sa Mheánoirthear".
Tugadh le fios sa ráiteas gurbh é seo an chéad uair a d'ardaigh an comhlacht táillí baile ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus dúradh go deimhin gurbh amhlaidh a laghdaíodh táillí trí huaire idir an dá linn.
Tá táillí ardaithe ó thús na Bealtaine ag PrePayPower, agus d'ardaigh Energia agus SSE Airtricity a dtáillí féin i ndeireadh na bliana seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ