Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche.
Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d'ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas.
Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d'ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe.
Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin.
Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis.
Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5% inné.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ