Tá fíneáil €200 milliún gearrtha ag an Aontas Eorpach ar an miondíoltóir ar líne as an tSín, Temu, as táirigí mídhleathacha a dhíol, bréagáin agus luchtairí atá contúirteach ina measc.
I ráiteas, dúirt an Coimisiún Eorpach nach ndearna Temu measúnú mar ba cheart ar tháirgí áirithe a rinne díobháil do thomhaltóirí san Aontas Eorpach.
Léirigh fiosrúcháin a rinne an Coimisiún, a dúradh, go raibh ceimiceáin i gcéatadán ard de na bréagáin a bhíothas a dhíol ar Temu.
Mar bharr an olc, a dúradh, d'fhéadfadh na bréagáin sin leanaí a plúchadh de thaisme.
Mar le cuid de na luchtairí a scrúdaíodh, a dúradh, níor bhain siad an bunchaighdeán sábháilteachta amach.
Dúirt urlabhraí ó Temu cé go bhfuil meas ag an gcomhlacht ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh go gcreideann siad go bhfuil an pionós a gearradh orthu ródhian.
Thug an t-urlabhraí le fios freisin gur bhain fiosrúchán an Choimisiúin Eorpaigh leis an mbliain 2024 agus mhaígh go raibh córais mheasúnaithe an chomhlachta feabhsaithe ó shin.
Dúradh go mbreathnódh Temu go cúramach ar an rialú agus ar gach rogha atá acu chun dul i ngleic leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ