skip to main content

Stardust: athbhreithniú ar scéim íocaíochta á iarraidh

sample caption
Maraíodh 48 duine óg i dtubaiste an Stardust i mBaile Átha Cliath i 1981

Tá roinnt daoine a gortaíodh go dona i ndóiteán an Stardust i 1981 ag iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim íocaíochta a bhunaigh an Rialtas ar a son níos túisce i mbliana.

Is ar son daoine a gortaíodh agus ar son daoine a tháinig slán ón tubaiste araon an scéim nua ar chuir 450 duine isteach air go dtí seo.

Ní scéim cúitimh atá ann ach an íocaíocht chéanna aon uaire de €20,000 le gach duine de na daoine sin as an bhfad millteach aimsire a ghlac sé ar na húdaráis an ceart a dhéanamh leo.

Deir cuid de na daoine is measa a gortaíodh, áfach, gur masla é an tsuim chéanna a íoc le gach duine, gortaíodh iad nó ná gortaíodh.

Duine acu, Jimmy Fitzpatrick, ar dódh gach ball dá chorp agus a chaill a mhéaracha sa dóiteán, dúirt sé gur gealladh dóibh go bpléifí an scéim leo sular fógraíodh é go poiblí.

Is ar na meáin i ndiaidh a fhógartha a chuala seisean an scéal, más ea, a dúirt sé.

Gealladh dóibh freisin, arsa Jimmy Fitzpatrick, gur de réir thromchúis na ngortuithe a bhain dóibh agus de réir a gcúinsí pearsanta a d'íocfaí iad.

Maraíodh 48 duine óg i loscadh mór i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Oíche na Féile Vailintín 1981 agus gortaíodh thart ar 200 eile.

Dhá bhliain ó shin, chinn coiste cróinéara gur marú neamhdhleathach ba chúis le bás gach aon duine den 48.

Láthair na tubaiste in Ard Aidhin

An tseachtain dar gcionn, i nDáil Éireann, ghabh an Taoiseach ag an am Simon Harris leithscéal foirmiúil thar ceann an Stáit le teaghlaigh na marbh agus leis na daoine a gortaíodh.

"Tá aiféala orainn. Loiceamar oraibh in am an ghátair. Ba cheart dúinn seasamh libh ón bhfíorthús ach ina áit sin chuireamar d'fhiacha oraibh seasamh inár n-aghaidh", a dúirt sé.

Creideann Jimmy Fitzpatrick, ámh, gur smál ar an leithscéal foirmiúil sin an scéim atá beartaithe.

Tá athbhreithniú dlíthiúil á lorg ar an scéim ag dlíodóirí na ndaoine a chreideann gur masla atá ann agus tá an cás le héisteacht as seo go ceann cúpla mí.

Tá ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag tacú leis na daoine sin agus d'iarr sí ar an Rialtas an scéim a leasú agus cúinsí pearsanta a chur san áireamh.

Os a choinne sin, dúirt urlabhraí ón Roinn Dlí agus Cirt gur bunaíodh an cineál áirithe scéime sin ionas nach mbeadh ualach maorlathais ar na daoine a chuirfeadh isteach air, idir mhaorlathas Stáit agus mhaorlathas dlíthiúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ