Maraíodh ceathrar i dtionóisc a tharla idir mionbhus agus traein sa Bheilg.
Tharla an timpiste i dtuaisceart na tíre ag crosaire comhréidh i mbaile Buggenhout i gceantar Fhlóndras.
Tharla an tionóisc thart ar 8:08am ar maidin, tuairim is ciliméadar ón stáisiún traenach.
Maraíodh beirt leanaí, 12 agus 15 bliain d'aois agus beirt eile.
Tuairiscítear go raibh seachtar ar an mbus ag an am. Bhí an mionbhus ag taisteal chomh fada le scoil do ghasúir le riachtanaisí speisialta oideachais. Tuigtear go raibh formhór na ngasúr a bhí ar bord ag an am sna déaga.
Tuigtear nár gortaíodh aon duine a bhí ar an traein.