skip to main content

Cláraíodh teocht 30.5C ag aerfort na Sionainne i gContae an Chláir agus 29.7C ag stáisiún aimsire Pháirc na Darach i gCeatharlach

RTE
An teocht ba airde riamh i mí Bealtaine cláraithe sa tSionainn

Inniu ab ea an lá ba theo riamh i mí Bealtaine ó tosnaíodh ag coimeád cuntais in Éirinn an chéad lá riamh.

Cláraíodh teocht 30.5C ag aerfort na Sionainne i gContae an Chláir agus 29.7C ag stáisiún aimsire Pháirc na Darach i gCeatharlach.

Cláraíodh 28.6C ag Aerfort na Sionainne i gContae an Chláir inné.

Níos luaithe, d'éisigh Met Éireann foláireamh aimsire stádas buí do 8 gcontae sa tír agus é tuartha acu go mbeadh an teocht chomh hard le 30 céim celsius i gceantair áirithe.

RTE

Éisíodh an foláireamh do chontaetha an Chláir, Chiarraí, Luimnigh, Thiobraid Árann, na Gaillimhe, Chill Chainnigh,agus do chontaetha Laoise agus Uíbh Fhailí.

Deir Met Éireann go bhféadhfadh an teocht a bheith os cionn 27C i gcaitheamh an lae agus síltear go bhfanfaidh an teocht os cionn 15C istoíche.

Meastar go mbeidh an teocht is airde i lár tíre agus san iardheisceart.

Fanfaidh an foláireamh aimsire buí i bhfeidhm ó 12pm inniu go dtí 6pm tráthnóna amárach.