skip to main content

Saoránaigh a bhí á gcoinneáil ag Iosrael sa bhaile

flotilla activists arriving in Dublin Airport
An Dr Margaret Connolly ag caint leis na meáin ag Aefort Bhaile Átha Cliath

Níos túisce tráthnóna bhailigh na céadta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le fáilte abhaile a chur roimh na bhfeachtasóirí ar son na bPailistíneach a gabhadh ar bord longa fóirthinte sa Mheánmhuir Dé Luain seo caite.

11 saoránach Éireannach a bhí i gceist agus bhí a muintir agus a lucht tacaíochta ag an aerfort le fáilte abhaile a chur rompu.

Bhí na saoránaigh ar bord eitleáin a d'fhág cathair Istanbul sa Tuirc ar maidin inniu.

Bhí deirfiúr an Uachtaráin, An Dr. Margaret Connolly ar dhuine de na saoránaigh sin.

Ghabh trúpaí Iosrael í féin agus suas le 400 duine eile a bhí ar bord flotilla de longa éagsúla a bhí ar an mbealach go Gaza le cabhair fóirthinte.

Deir roinnt den dream sin go bhfuair siad íde, drochúsáid agus gur fhulaing siad ionsaithe gnéis agus bualadh fad is a bhí siad á gcoinneáil ag údaráis Iosrael.

Tá na líomhaintí sin á séanadh ag Iosrael.