skip to main content

'Croíbhriste' atá teaghlach Alex Coughlan, 'fear cineálta, lách'

Alex Coughlan
Alex Coughlan (Pic: GoFundMe)

Deir teaghlach an fhir a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite agus a bhásaigh san ospidéal arú inné go bhfuil siad croíbhriste agus go n-aireoidh siad go mór uathu é.

Ionsaíodh Alex Coughlan, a bhí 37 bliain d'aois, gar dá theach cónaithe i mBaile Bhainséir in iarthar Baile Átha Cliath tráthnóna Dé Domhnaigh.

Fuarthas é gan aithne gan urlabhra ar Bhóthar an Mhuilinn agus tugadh as sin é go hOspidéal Uí Chonghaile, áit ar bhásaigh sé Dé Céadaoin.

I ráiteas a eisíodh thar ceann an teaghlaigh, dúradh go ndeachaigh cineáltas agus láíocht Alex i gcion ar a lán daoine.

Tugadh le fios freisin sa ráiteas gur deonaíodh orgáin Alex, mar ba mhian leis, le go gcuideofaí le daoine i ngátar, léiriú, a dúradh, ar an dáimh a bhí ag Alex le daoine eile.

Ghabh siad buíochas le gach duine a thacaigh leo go dtí seo agus leis an bhfoireann in Ospidéal Uí Chonghaile a thug aire do Alex, agus tá leathanach GoFundMe oscailte acu le híoc as a shochraid.

a garda stands beside a garda car on a road in blanchardstown
Fuarthas Alex Coughlan gan aithne gan urlabhra ar Bhóthar an Mhuilinn i mBaile Bhainséir

Tugadh beirt bhuachaillí sé bliana déag d'aois os comhair cúirte Dé Céadaoin agus iad cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar Alex Coughlan agus i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh dó, agus i robáil.

Cuireadh siar faoi choinneáil iad agus tá siad le tabhairt os comhair cúirte arís Dé Céadaoin seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ