skip to main content

Cosc ar thrádáil le críocha gafa á phlé ag McEntee sa Bhruiséil

Minister for Foreign Affairs and Trade Helen McEntee talks to media prior the start of an EU foreign Affairs Ministers meeting on Trade
Helen McEntee sa Bhruiséil, áit a bhfuil Comhairle Gnóthaí Eachtracha um Thrádáil an Aontais Eorpaigh tagtha le chéile

Tá iarrtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Trádála agus Cosanta Helen McEntee ar an gCoimisiún Eorpach moltaí a dhéanamh gan a thuilleadh moille maidir le cosc a chur ar thrádáil le háitribh mhídhleathacha Iosraelacha i gcríocha Palaistíneacha.

Tá Helen McEntee sa Bhruiséil, áit a bhfuil sí ag glacadh páirt i gcruinniu de Chomhairle Gnóthaí Eachtracha um Thrádáil an Aontais Eorpaigh.

Slándáil eacnamaíochta an Aontais atá faoi chaibidil sa chruinniú.

I ráiteas, dúirt an tAire McEntee go bhfuil Éire ar cheann de dheich mballstát atá tar éis iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach moltaí a dhéanamh maidir le trádáil le háitribh Iosraelacha sna críocha gafa.

Ní féidir leis an Aontas Eorpach leanacht ar aghaidh ag caint ar an ord idirnáisiúnta a bheith faoi réir ag rialacha agus trádáil a dhéanamh leis na háitribh sin ag an am céanna, arsa sí.

Tá páirtithe an fhreasúra fós ag éileamh ar an Rialtas seirbhísí a chur san áireamh sa Bhille um Chríocha faoi Fhorghabháil atá le hachtú, a deir an Rialtas, as seo go ceann cúpla seachtain.

De réir an bhille sin, is coir a bheadh ann iarracht a dhéanamh earraí ó áitribh Iosraelacha a thabhairt isteach sa tír seo, ní áirítear seirbhísí.

Creideann an Rialtas, ní hionann agus an freasúra, nach mbeadh bonn láidir dlíthiúil faoi chosc a chur ar sheirbhísí agus go bhféadfaí a dhúshlán a thabhairt i gcúirt éigin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ