Tá daoine ag vótáil ó mhaidin inniu i bhfothoghcháin i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir leis an dá shuíochán fholmha atá sna dáilcheantair sin a líonadh.
Tá an dá shuíochán folamh ó mhí na Samhna seo caite tar éis don bheirt ar leo iad glacadh le cúraimí nua.
D'éirigh Catherine Connolly as mar Theachta Dála i nGaillimh Thiar nuair a toghadh í ina hUachtarán na hÉireann.
Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais ag an am, d'éirigh seisean as mar Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir nuair a ceapadh é ina fheidhmeannach sinsearach sa Bhanc Domhanda.
D'oscail na hionaid vótála sa dá dháilcheantar ag 7 a chlog ar maidin agus beidh siad oscailte go dtí 10 a chlog anocht.
Seo an chéad uair ag oileánaigh vóta a chaitheamh i bhfothoghchán ag an am céanna le pobal na mórthíre.
Na cúig bhosca ballóide in Inis Mór, Inis Meáin, Inis Oírr agus in Inis Bó Finne i ndáilcheantar Gaillimh Thiar, tabharfar amach chun na mórthíre anocht iad ar bhád agus osclófar ar maidin amárach iad in éineacht le gach bosca eile an dáilcheantair san ionad comhairimh i mBóthar na Trá.
Mar le Baile Átha Cliath Láir, is san RDS, i ndáilcheantar eile ar fad, a chomhairfear na vótaí.
Tá seacht n-iarrthóir déag i nGaillimh Thiar, ceithre iarrthóir déag i mBaile Átha Cliath Láir.
Ceaptar go bhfógrófar toradh i mBaile Átha Cliath Láir tráthnóna amárach ach d'fhéadfadh go mbeadh athchomhaireamh nó dhó i nGaillimh Thiar agus b'fhéidir nach bhfógrófaí toradh ansin go dtí Dé Domhnaigh nó Dé Luain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ