Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an Pápa Leon XIV mionnaithe a dhícheall a dhéanamh "an domhan a stiúradh malairt treo ón gcogaíocht".
Bhí cruinniú 45 nóiméad ag an Taoiseach leis an bPápa sa Vatacáin ar maidin inniu.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt Micheál Martin gur léir dó go bhfuil an Pápa dáiríre faoina chuid a dhéanamh le deireadh a chur le cogaí sa Mheánoirthear, sa tSúdáin agus go háirithe san Úcráin.
Níor labhair siad go mion faoin loingeas cabhrach daonnúla a stop fórsaí míleata Iosrael sa Mheánmhuir an tseachtain seo agus í ar a bealach go Gaza, a dúirt an Taoiseach, ach thug sé le fios gur phléigh an bheirt fhear anchás Gaza go ginearálta, a bhfuil ag tarlú sa Bhruach Thiar agus an cogadh san Iaráin.
Dúirt an Taoiseach leis an bPápa, arsa sé, go gcaithfeadh polaiteoirí toiliú síocháin a dhéanamh lena chéile ar an gcéad ásc sular féidir caint ar shíocháin, agus dúirt sé leis gurbh é an toilteanas sin a thug as an tsáinn muid in Éirinn.
Ina cheann sin, arsa an Taoiseach, phléigh an bheirt an drochúsáid ghnéasach a rinne sagairt ar dhaoine in Éirinn agus an cúiteamh atá ag dul do na daoine sin.
D'iarr sé ar an bPápa cur ina luí ar na hoird rialta sa tír seo aghaidh a thabhairt ar cheist an chúitimh, a dúirt sé.
Tar éis dó imeacht as an Vatacáin, thug an Taoiseach cuairt ar Choláiste Pontaifiúil na nGael sa Róimh agus beidh cruinniú aige freisin tráthnóna le Príomh-Aire na hIodáile Giorgia Meloni.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ