Tá trácht bóthair á chur malairt slí ar chiumhas theas bhaile Dhún na nGall tar éis dóiteáin a tharla in áitreabh gnó ansin go moch ar maidin inniu.
Deir na Gardaí go bhfuil an tine múchta ag na seirbhísí dóiteáin agus nár gortaíodh aon duine dá barr.
Tá stráice de bhóthar an R267 gar do thimpeallán Thulaigh Iarla dúnta go fóill, más ea, a deir siad.
Is in ionad déantúsaíochta Cherrymore Kitchens in Ard Léana a bhí an dóiteán.
Tá clú agus cáil ar an ngnó teaghlaigh, atá 30 bliain ar an bhfód, as na cistineacha nua-aoiseacha a sholáthraíonn siad don mhargadh in Éirinn.
Chomh maith leis an monarcha i nDún na nGall, tá seomraí taispeántais acu i gCaisleán an Bharraigh i gCo Mhaigh Eo agus in Órán Mór i gCo na Gaillimhe.
I ráiteas, dúirt Comhlachas Tráchtála Bhealach Féich agus Shrath an Urláir go mb'údar mór bróin an scrios a rinneadh don ghnó, go háirithe ó tá go leor daoine fostaithe ann.
Dúradh sa ráiteas freisin go bhfuil an t-ionad déantúsaíochta ar cheann de na monarchana is ceannródaíche agus is nua-aoisí in Éirinn.
Thairg an Comhlachas Tráchtála an oiread tacaíochta agus a d'fhéadfaidís a chur ar fáil d'úinéirí Cherrymore Kitchens.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ