skip to main content

Airbus, Air France ciontaithe i ndúnorgain chorparáideach

sample caption
Jane Deasy, Eithne Walls and Aisling Butler

I gcúirt achomharc i bPáras, ciontaíodh Airbus agus Air France i ndúnorgain chorparáideach i dtaca le tubaiste eitleáin in 2009 inar maraíodh 228 duine, triúr ban óg as Éirinn ina measc.

Thuairt an t-eitleán A330 san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro sa Bhrasaíl ar an 1 Meitheamh 2009.

Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, lenar áiríodh an triúr as Éirinn ar dhochtúirí iad.

Ba iad sin Aisling Butler, 26 bliain d''aois, as Ros Cré i gCo Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Baile Mhic Gabhann i gCo an Dúin.

Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste agus in 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba shiocair leis.

Smionagar
Smionagar an A330 san Aigéan Atlantach

Mar sin féin, dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.

Rialaigh cúirt choiriúil sa Fhrainc in 2023, áfach, nach bhféadfaí a chruthú gur ar an gcomhlacht déantúsaíochta Airbus ná ar an aerlíne Air France a bhí an milleán faoin tubaiste agus fuarthas neamhchiontach iad i ndúnorgain neamhdheonach.

Cé gur ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist dúirt an breitheamh nárbh ionann sin agus freagracht gan agó.

Sa triail nua, más ea, d'fhéach dlíodóirí theaghlaigh na marbh le cur ina luí ar an gcúirt achomharc go raibh baint dhíreach ag an bhfaillí úd leis an tubaiste.

Dhírigh na dlíodóirí an uair seo ar mhí-éifeachtacht Airbus agus Air France agus ar an neamhshuim a mhaígh na dlíodóirí a rinne an dá chomhlacht de thuaiplisí áirithe a rinneadh roimh an tubaiste.

Ar deireadh, ghlac an chúirt achomharc le háitiú na ndlíodóirí, ciontaíodh an dá chomhlacht i ndúnorgain chorparáideach agus gearradh an uasfhíneáil de €225,000 ar gach aon cheann díobh.

Meastar, áfach, go ndéanfaidh Airbus agus Air France achomharc dá gcuid féin faoin rialú a rinneadh inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ