skip to main content

Rí Shasana i ndiaidh glacadh le cuireadh an uachtaráin

President Catherine Connolly making her speech during her visit to the Irish Cultural Centre in Hammersmith
An tUachtarán ag labhairt i Hammersmith i Londain

Ghlac Rí Shasana,Séarlas le cuireadh ón Uachtarán Catherine Connolly i dtaca le Cuairt Stáit ar an tír seo am éigin an bhliain seo chugainn.

Thug an tUachtarán Connolly an méid sin le fios i ndiaidh a cuairte ar Phálás Buckingham tráthnóna.

Leathuair a chloig a chaith an tUachtarán Connolly i dteannta an Rí Séarlas agus í ar a céad lá dá cuairt oifigiúil 3 lá ar Shasana.

Níos túisce inniu bhí sí ag an Lár Ionad Cultúrtha i Hammersmith, áit ar thréaslaigh sí le hinimircigh ón tír seo faoin mbealach a dúirt sí a 'chuir siad le sochaí agus eacnamaíocht na Breataine' i gcaitheamh na mblianta.

Britain's King Charles III reacts as he greets Ireland's President Catherine Connolly, during an audience at Buckingham Palace in London
'Glacfaidh mé le do chuireadh go fonnmhar'-An Rí Séarlas

I gcaitheamh a cuairte tá sé i gceist aici díriú cuid mhór ar na pobail Éireannacha atá ag cur fúthu thall ansin.

Casfaidh sí freisin le lucht an diaspora i gcathair Leeds i Yorkshire.