skip to main content

Deiridh le cuairt Trump ar Beijing

US President Donald Trump and Chinese President Xi Jinping at Zhongnanhai Garden in Beijing, China.
Trump ag leagan béime ar shású riachtanais Mheiriceá; Xi ag bagairt faoi Taiwan

Níl Uachtarán na Stát Aontaithe ná Uachtarán na Síne ar aon fhocal is cosúil maidir le cén bhail a bhí ar an gcuairt stáit i Beijing le cúpla lá.

Deir Uachtarán na Síne, Xi Jinping go bhféadfadh ceist Taiwan a bheith ina chnámh mór spairne idir an dá thír.

Tá Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump ag maíomh áfach gur léirigh an tSín báúlacht i leith na Stát Aontaithe.

In agallamh le cainéal teilifíse Fox News dúirt an tUasal Trump gur thairg Uachtarán na Síne cúnamh dó i dtaca le Caolas Hormuz a oscailt in athuair, gur thoiligh sé ola a cheannacht ó Mheiriceá agus go staonfadh a thír ó bheith ag seoladh trealamh míleata chuig an Iaráin.