skip to main content

Wayne Roche ciontaithe i ndúnmharú

Wayne Roche á thionlacan ag gardaí
Wayne Roche á thionlacan ag gardaí

Sa Phríomh Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath ciontaíodh fear 35 bliain d'aois faoi dhúnmharú fir eile i gCo.Loch Garman beagnach bliain go leith ó shin.

Bhí Wayne Roche, a mbíodh seoladh aige tráth i bPlás Doiminic i gCathair Phort Láirge ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú ach ag pléadáil ciontach i ndúnorgain John O'Connor (58) a tharla oíche cinn bliana 2024 i Ros Mhic Thriúin.

Giúiré de cheathrar fear agus ochtar ban a bhí ag éisteacht an cháis agus níor thóg sé ach breis is 3 uair a chloig orthu Wayne Roche a chiontú i ndúnmharú.

Gearrfar píonós air faoi cheann míosa.