skip to main content

Bean óg maraithe i dtimpiste bóthair i gCo Thiobraid Árann

The site of the crash in Tipperary last night
Ar bhóthar an R495 idir an tAonach agus Drom Inbhir a tharla an tubaiste

Maraíodh bean 20 bliain d'aois i dtionóisc bhóthair a tharla i gCo Thiobraid Árann aréir.

Deir na Gardaí gur maraíodh an bhean nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar Bhóthar Dhrom Inbhir siar ó thuaidh den Aonach ag thart ar 9 a chlog.

Gortaíodh tiománaí an dara gluaisteán agus tá cóir leighis á chur air san ospidéal.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar láthair na timpiste agus tá siad ag achainí ar thiománaithe a mbeadh íomhánna ábhartha ó cheamara deaise acu iad a chur ar fáil dóibh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ