skip to main content

An Iaráin agus Meiriceá ag cur an mhilleáin ar a chéile

An Iran-flagged tugboat sails near a ship anchored in the Strait of Hormuz
Teannas de shíor sa chaolas

Tá chuile chosúlacht air go bhfuil an sos cogaidh a socraíodh idir an Iaráin agus Meiriceá i mbaol.

Tá an dá thaobh ag cur an mhilleáin ar a chéile anois go bhfuil an socrú síochána á shárú acu i dtaca le Caolas Hormuz.

Dúirt urlabhraí ón Pentagaon go dtáinig cabhlach na Stát Aontaithe faoi ionsaí ó dhróin agus ó dhiúracáin de chuid na hIaráine i réigiún an chaolais.

D'admhaigh sé ansin gur scaoil an chabhlach ar ais le láithreacha de chuid na hIaráine agus gur chuir sé báid bheaga go tóin poill.

US President Donald Trump
Uachtarán Mheiriceá Donald Trump

Maíonn na hIaránaigh áfach gurbh iad na Meiriceánaigh a scaoil ar dtús.

Tá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag maíomh go bhfuil an sos cogaidh fós i bhfeidhm.

Deir Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil súil aige freagra a fháil níos deireanaí i dtaca lena mholadh go gcuirfí deireadh leis an chogadh.

Tá imshuí na Meiriceánach ar chalafoirt na hIaráine ag leanacht i gcónaí.

Deir siadsan go bhfuil easpa ceannaireachta san Iaráin ina bhac mór ar aon dul chun cinn i dtreo na síochána ansin.