skip to main content

Pobalbhreith TG4/The Irish Times ar Ghaillimh Thiar

sample caption

Tá an chead cheannn de dhá phobalbhreith ag TG4 agus The Irish Times don dá fhotoghchán ag deireadh na míosa, fóilsithe tráthnóna.

17 n-iarrthóir atá san iomaíocht don aon suíochán amháin i nGaillimh Thiar, agus de réir na pobalbhreithe seo, is ag Seán Kyne ó Fhine Gael a bheidh an sciar is mór den vóta agus é ag mealladh 17%.

Seo mar a chruthaigh na hiarrthóirí sa phobalbhreith a rinne Ipsos B&A, inar cuireadh agallamh ar 530 duine idir an 1 agus 5 Bealtaine:

  • Seán Kyne FG 17%
  • Noel Thomas ÉN 1 6%
  • Helen Ogbu LO 12%
  • Míde Nic Fhionnlaoich DS 9%
  • Cillian Keane FF 8%
  • Mike Cubbard NS 7%
  • Mark Lohan SF 7%
  • Niall Murphy CG 6%
  • Thomas Welby NS 6%
  • Orla Nugent AON 4%
  • Sheile Garrity NS 3%
  • Denman Rooke PSB 2%
  • AJ Cahill IP 1%
  • John O'Leary NS 1%
  • Michael Ryan NS 1%
  • Néill Bairéad NS <0.5%
  • Patrick Feeney NS <0.5%

Cuireadh ceisteanna freisin ar na 530 duine faoi na hábhair is mó atá ag déanamh tinnis dóibh agus faoina ndearcadh i leith cheisteanna eile tráthúla:

Gaeilge bheith ag iarrthóir:

  • Dúirt 32% gur mó an seans go vótálfaidh siad ar son iarrthóra a raibh Gaeilge aige nó aici

Tionchar sheasamh iarrthóra ar na hagóidí breosla ar an vóta

  • Dúirt 35% go mbeadh an-tionchar aige ar a vóta
  • Dúírt 32% go mbeadh roinnt tionchair aige ar a vóta
  • Dúirt 32% eile nach mbeadh aon tionchar aige ar a vóta

Ach maidir le sástacht le láimhseáil an Rialtais ar na hagóidí breosla dúirt:

  • 67% go raibh siad míshásta
  • 20% go raibh siad sásta agus
  • 12% nach raibh sásta nó míshásta

Maidir leis an éifeacht phearsanta a bhí an easpa tithíochta orthu, dúirt

  • 35% go raibh éifeacht aige orthu agus
  • 67% nach raibh éifeacht orthu