skip to main content

Bainisteoirí an chomhlachta gafa sa bhfiosrú faoi údar na tubaiste

Fire rescue forces working and shining a torch through thick smoke
Lucht tarrthála sa smionagar agus deatach

Tá 26 maraithe agus 61 gortaithe de bharr phléasc ollmhór i monarcha tinte ealaíne i réigiún láir na Síne.

Ag tarraingt ar a 5 a chlog am na háite a phléasc Comhlacht Tinte Ealaíne Liuyang Huasheng i gCúige Hunan a deir an craoltóir stáit CCTV.

Tá ordú faighte ag gach monarcha tinte ealaíne faoi stiúir údaráisí i bpríomhchathair Hunan, Changsha, éirí as an déantúsaíocht go mbeidh cigireacht stáit déanta ar chúinsí sábháilteachta.

Léirigh físeáin ar ardáin shóisialta pléasc i ndiaidh pléasca sa monarcha agus púir mhór mhílteach deataigh ag éirí as cionn na gcnoc sa ngleann amuigh faoin tír.

Factory explosion

Léirgh físeáin dróin ó shin límistéar mór scriosta, fothracha sa n-áit a raibh foirgnimh, agus lucht tarrthála agus innealra ag cartadh sa smionagar.

Maraíodh 21 ar an láthair agus tá cúigear eile básaithe ó shin a deir an méara ar Changsha Chen Bozhang.

Tá 480 de mheitheal speisialta tarrthála agus fiosrúcháin seolta ag an Rialtas agus tá na póilíní tar éis bainisteoirí an chomhlachta a ghabháil mar chuid den fhiosrúchán faoi údar na tubaiste.

People work in a fireworks factory

Mol tábhachtach i ndéantús tinte ealaíne é Liuyang as a dtagann 60% den ábhar a díotar sa tSín agus 70% de na tinte ealaíne a sheoltar thar sáile.

Tarlaíonn timpistí tionsclaíocha go rialta san earnáil agus na scórtha maraithe le blianta beaga anuas i monarchanna, ionaid stórais agus i siopaí.