skip to main content

Dóiteán ar bhus, gach duine tagtha slán

Bus fire
Chuaigh an bus trí thine idir Acomhal 21 agus Acomhal 22 ar an M7

Deir na Gardaí nár gortaíodh aon duine de na daoine óga, daltaí meánscoile, a bhí ar bhus a chuaigh le thine agus í faoi shiúl ar mhótarbhealach an M7 i gCo Laoise.

Tuigtear gur i gcúl an bhus a thosaigh an tine siar ó Dhoire na Saileach idir Acomhal 21 agus Acomhal 22 ag thart ar 8.15 ar maidin.

Dúnadh an mótarbhealach fad is a bhí lucht dóiteáin ag dul i ngleic leis an tine ach tá sé oscailte arís ó shin.

Daltaí i gColáiste Pobail Naomh Iósaf i gCill Chaoi i gCo an Chláir a bhí ar an mbus agus iad ar a mbealach go Co na Mí.

Tháing bus eile faoina gcoinne agus bhain siad ceann scríbe amach go slán sábháilte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ