skip to main content

'150 oibrí le ligean chun siúil ag Oracle in Éirinn'

The logo of the American company Oracle appears on a smartphone screen in front of a computer screen displaying the company logo in Creteil, France, on March 10, 2026, as the technology giant announces its third-quarter financial results. (Photo by Samuel
62,000 duine fostaithe go lánaimseartha ag Oracle ar fud an domhain

Tá sé curtha in iúl don Rialtas ag an gcomhlacht néalríomhaireachta Oracle go bhfuil rún ag an gcomhlacht oibrithe a ligean chun siúil in Éirinn.

Tuigtear gur thart ar 150 oibrí atá i gceist.

Baineann an scéal leis an bhforbairt atá Orcale agus comhlachtaí mar iad a dhéanamh ar Intleacht Shaorga.

Tá 162,000 duine fostaithe go lánaimseartha ag Oracle ar fud an domhain agus tá an comhlacht ag beartú oibrithe a ligean chun siúil i dtíortha eile chomh maith le hÉirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ