skip to main content

An Iaráin: síneadh curtha ag Trump le sos cogaidh

An Iranian woman walks past an anti-USA and anti-Israel mural
Múrmhaisiú i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 21 Aibreán 2026

Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil síneadh gan ceapadh lae curtha aige leis an sos cogaidh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin a raibh deireadh in ainm agus teacht leis amárach.

Deis a thabhairt d'ionadaithe ón dá thír teacht le chéile an athuair sa Phacastáin faoi thuairim comhráite síochána is siocair lena chinneadh, a dúirt Trump.

Dealraíonn sé, ámh, gur uaidh féin a rinne sé an cinneadh agus nach raibh an Iaráin bainteach leis, ná Iosrael go deimhin, a chomhghuaillí cogaidh.

Thug Trump le fios freisin go leanfadh na Meiriceánaigh den bhac atá siad a chur ar longa seoladh trí Chaolas Hormuz i ndeisceart na hIaráine.

Ós gníomh cogaidh é sin, dar leis an Iaráin, is braschaint gan bhrí ag Trump an fógra is deireanaí uaidh.

Ina dhiaidh sin féin, shaoirsigh ola ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise a ndúirt sé.

Mar leis an gcogaíocht féin agus a bhfuil ann de dhoirteadh fola agus de scrios, cad eile, tuairiscítear gur maraíodh na mílte sibhialtach san Iaráin le dhá mhí agus gur cuireadh uimhir gan chuntas as a mbailte.

Sa Liobáin, tá 2,500 duine ar a laghad maraithe ag fórsaí míleata Iosrael a bhfuil fonn cogaidh Trump tapaithe acu chun an tír sin a bhuamáil go tréan an athuair agus chun seilbh a ghabháil ar a thuilleadh talún ann.

Tá sos cogaidh deich lá i bhfeidhm sa Liobáin ón Aoine seo caite agus tá ionadaithe ón tír sin agus ó Iosrael le teacht le chéile in Washington amárach le téarmaí na síochána a phlé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ