skip to main content

Bean maraithe i dtimpiste bóthair i gCo an Dúin

sample caption
Deir na póilíní go raibh dha ghluaisteán bainteach leis an tionóisc bhóthair

Maraíodh bean sna fichidí i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo an Dúin inné.

Deir na póilíní go raibh an bhean i gceann de dhá ghluaisteán a bhuail faoina chéile ar Bhóthar an Iúir i gCill Chaoil i ndeisceart an Dúin ag thart ar 6.30 tráthnóna inné.

Bhásaigh an bhean ar an mball.

Gortaíodh beirt eile sa tionóisc agus tugadh chun an ospidéil iad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ