skip to main content

Fear cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar a athair i gCo Phort Láirge

John Cashman Jnr, who has been charged with in connection with the assault of his father, who was found dead in Waterford RTE
John Óg Cashman taobh amuigh de Chúirt Dúiche Charraig na Siúire i gCo Phort Láirge

Tugadh fear 45 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Charraig na Siúire i gCo Phort Láirge inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar a athair a bhfuarthas marbh é sa chontae sin arú inné.

Is é John Óg Cashman an té atá cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar a athair Sean-John Cashman agus i ndíobháil a dhéanamh dó sa Cheapaigh in aice le Dún Garbhán Dé Luain seo caite.

73 bliain d'aois a bhí an t-athair.

Dúradh sa chúirt nach ndúirt Cashman Óg aon ní nuair a rinne na Gardaí cúiseamh air.

Chuir na Gardaí in aghaidh iarratas an chúisí ar bhannaí agus dhearbhaigh siad go raibh siad fós ag fanacht le torthaí an scrúdú iarbháis.

Cé gur thacaigh máthair Cashman Óg lena iarratas ar bhannaí chuir an breitheamh siar faoi choinneáil é.

Tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Chluain Meala Dé Máirt seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ