skip to main content

Tá fainic curtha ar an lucht agóide ag FSS agus ag an Aire Sláinte gan infreastruchtúr sláinte a chur faoi imshuí

Jennifer Carroll MacNeill speaking on RTE's news at one radio show
Tá iarrtha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeil, agus ag FSS ar an lucht agóide gan infreastructúr sláinte na tíre a chur faoi imshuí

Tá fainic curtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an dream atá i mbun agóide i gcoinne an ardaithe ar chostais bhreosla gan na bealaí isteach chuig ospidéil na tíre a bhlocáil le go mbeidh othair – go háirithe iad siúd atá leochailleach – in ann cúram leighis a fháil.

Thug Príomhfheidhmeannach FSS, Anne O'Connor, agus an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeil, le fios go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh othair in ann freastal ar a gcoinní agus nach mbeidh aon bhac ar othair ná ar oibrithe sláinte dul chomh fada le hospidéil nó le hionaid chúram leighis na tíre.

Is am íogair é d’aon duine, a dúirt siad, freastal ar ospidéal nó ar ionad cúram leighis.

stock image of a pregnant woman wearing a hospital gown
Pé cúis atá i gceist, a dúirt FSS, is am íogair é d'aon duine freastal ar ospidéal

Tá sé iarrtha ar an lucht agóide acu meas a léiriú ar othair a bhfuil cúram leighis de dhíth orthu agus gan aon bhac a chur orthu.

Dúirt an Taoiseach inniu go bhfuil an lucht agóide ag dul thar fóir agus nach modh cothrom agóidíochta é infreastruchtúr riachtanach a chur faoi imshuí.

Tá stáisiúin bhreosla, scaglanna agus bóithre na tíre faoi imshuí ag conbhua feithiclí don tríú lá as a chéile inniu. Agus tá iarrtha ar Óglaigh na hÉireann cúnamh a thabhairt don Gharda Síochána na feithiclí a bhaint d’áiteanna a bhfuil infreastruchtúr riachtanach blocáilte.

Vehicles take part on the third day of a National Fuel Protest against rising fuel prices on the N1 northbound
Tá stáisiúin bhreosla, scaglanna agus bóithre na tíre faoi imshuí ag conbhua feithiclí don tríú lá as a chéile inniu. Agus tá iarrtha ar Óglaigh na hÉireann cúnamh a thabhairt don Gharda Síochána na feithiclí a bhaint d'áiteanna a bhfuil infreastruchtúr riachtanach blocáilte.

Faoin dlí, tá sé de chead ag na Gardaí cúnamh na bhFórsaí Cosanta a lorg chun a gcumhachtaí sibhialta a chur i bhfeidhm.