skip to main content

Oibrithe na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna, atá ina mbaill de SIPTU, tar éis vótáil ar son gnímh thionsclaíoch

sample caption
Tá oibrithe de chuid na Seirbhíse Náisiunta Otharcharranna míshásta nach bhfuil aitheantas tugtha ag FSS don mhéadú atá tagtha ar líon na gcuraimí atá orthu le fiche bliain anuas

Tá thart ar 2,000 oibrí de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ina mbaill den cheardchumann SIPTU agus tá móramh mór díbh siúd i ndiaidh vótáil ar son dul i mbun gnímh thionsclaíoch. Níl stailc
curtha as an áireamh acu.

Tá sé curtha i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag SIPTU nár chuir siad moltaí a rinneadh i dtuarascáil neamhspleách i bhfeidhm maidir le harduithe pá.

Moladh sa tuarascáil sin gur chóir scálaí thuarastal na n-oibrithe a uasdátú, chun go mbéidís ag teacht leis na hathruithe atá tagtha ar líon na bhfreagrachtaí atá orthu le 20 bliain anuas.

Baineann an t-aighneas le baill de chuid SIPTU atá fostaithe mar theicneoirí éigeandála leighis, mar pharaimhíochaineoirí, ard-pharaimhíochaineoirí agus mar mhaoirseoirí.

Deir na hoibrithe go bhfuil neamhaird tugtha ag FSS do mholtaí a rinneadh i dtuarascáil
maidir lena dtuarastal. Tá ráiteas lorgtha ó FSS

"Léiríonn an líon ard vótaí atá caite ag ár mbaill i bhfábhar gnímh thionsclaíoch chomh míshásta is atá na hoibrithe seo go bhfuil dearmad déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse faoin ról a bhí acu i nuachóiriú
na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna le 20 bliain anuas", a dúirt SIPTU inniu.

Deir siad freisin gur de bharr thiomantas agus dílseacht na n-oibrithe ó thaobh nuachóiriú a bhaint amach, nach ndírítear sa tseirbhís níos mó ar iompar othar amháin, ach go gcuirtear seirbhís i bhfad níos fairsinge ar fáil; cúram réamh-ospidéil, cuir i gcás.

"Caithfidh ár mbaill i bhfad níos mó cinntí a dhéanamh faoi bhrú, agus leigheas a thabhairt d'othair go minic", a deir SIPTU.

Tá ráiteas lorgtha ó FSS.