skip to main content

Scríob liath an earraigh chugainn deireadh seachtaine na Cásca

Waves breaking on the rocks and pier
Garbhshíon geallta ar fud na tíre anóirthear

Tá foláireamh buí gaoithe fógartha ag Met Éireann sa tír ar fad deireadh seachtaine seo na Cásca.

Deir na meitéareolaithe gur gaoth aneas agus gaoth aniar – ceann i ndiaidh an chinn eile – a dhéanfas an díobháil.

Aneas a shéidfeas an gála ar an gcéad ásc Dé Sathairn ach faoi dhorchú an lae is ón aird aniar a bheas sí ag teacht.

Beidh feidhm leis an bhfoláireamh buí idir 3 a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus an mheán oíche Dé Domhnaigh.

Deir na meitéareolaithe go mbeidh an sáile ag tonnadh isteach ar na cladaí in áiteanna, go háirithe san áit a mbeidh lán mara rabharta.

Is é is dóichí go leagfar crainn freisin agus go scuabfar mionbhach chun bealaigh, a deirid.

Is minic an fhearthainn ag coinneáil cuideachta leis an ngaoth an tráth seo bliana, laethanta na riabhaí, agus is amhlaidh a bheas an deireadh seachtaine seo, cá hionadh sin?

Beidh foláireamh buí gaoithe fógartha i sé chontae an Tuaiscirt chomh maith ach is idir 2 a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus 2 a chlog ar maidin Dé Domhnaigh a bheas feidhm leis siúd.

Is é 'Dave' atá baiste ar an stoirm ag meitéareolaithe in Éirinn, sa Bhreatain agus san Ísiltír.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ