skip to main content

Siléig Rialtais i ndiaidh Rialtais cáinte ag an gComhairle Chomhairleach ar an Athrú Aeráide

Flood waters run in front of shops in Enniscorthy
Cuid den scrios a rinne Stoirm Chandra mí Eanáir

Tá an cathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach ar an Athrú Aeráide tar éis a rá nach mbeadh "an tír sa bpraiseach ina bhfuil sí anois" dá mbeadh aird tugtha ag rialtais san am a caitheadh ar fholáirimh na Comhairle agus fiú cuid acu a bheith feidhmithe.

Ag labhairt a bhí an tOllamh Peter Thorne agus tuarascáil á foilsiú ag an gComhairle ina léirítear go bhfuil iarmhairtí is féidir a thomhais cheana féin ag athrú na haeráide de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an tír agus contúirtí ag méadú do phobail éagsúla, don bhonneagar, do sheirbhísí riachtanacha agus don gheilleagar.

Deir an tOll Thorne nach bhfuil dóthain maoiniú á dhéanamh le ghabháil i ngleic leis an mbaol ach deir sé freisin "nach leor airgead a chaitheamh leis an bhfadhb, gan acmhainní a fhorbairt, gan dea-rialachas, gan polasaí a chur i ngníomh".

"Ó bunaíodh an Chomhairle tá líon ollmhór moltaí déanta sna tuarascálacha bliantúla. Dhá mbeadh fiú cuid díobh sin curtha i bhfeidhm ina n-iomláine ní bheadh muid sa bpraiseach ina bhfuil muid anois, ó thaobh acmhainneacht na tíre in aghaidh athrú na haeráide agus ó thaobh an tír a bheith i dtuilleamaí breosla iontaise."

Ba í 2025 an dara bliain ba teocha in Éirinn ó tosaíodh na taifid agus tá 7 gcinn den 10 mbliana ba theocha riamh tagtha le 20 bliain anuas.

Tá an bháisteach níos tréine freisin agus 6 cinn den 10 bhfómhar ba fliche riamh tagtha le 25 bliain.

Ba le Stoirm Éowyn anuraidh a tháinig na gálaí ba mheasa riamh agus ba í an stoirm ba mheasa riamh ó thaobh costais agus luach €300 milliún de chúiteamh árachais íoctha amach, gan trácht ar na laigeachtaí a léiríodh sa ngréasán fuinnimh agus uisce agus cumarsáide.

Cuid den réabhadh a rinne Stoirm Éowyn, mí Eanáir 2025

Ar an taobh eile den scéal b'éigean d'Uisce Éireann ciondáil a dhéanamh ar 49 soláthar uisce poiblí sa samhradh anuraidh nuair a tugadh foláireamh teaspaigh in 15 contae.

Léiríonn an tuarascáil nua chomh maith an tionchar atá ag athrú na haeráide ar an dúlra, ar athrú ar an éiceolaíocht ar nós athrú ar shaolré plandaí agus feithidí agus ainmhithe eile.

an asian hornet
Cornfhoiche na hÁise

Tá aicíd fuinseoige agus fliú na n-éanlaith ag leathadh dá bharr agus tá contúirt níos mó ann ó fheithidí gallda ar nós cornfhoiche na hÁise, agus contúirt níos mó go méadóidh bláthú algach agus loscadh sléibhe.

Loscadh sléibhe i Múrna

Tá an Chomhairle ag impí an athuair ar an Rialtas infheistíocht a dhéanamh ar acmhainneacht aeráide fearacht cosaint fuarlaigh agus cosaint bonneagair riachtanach, agus infheistíocht a dhéanamh le n-imeacht níos tapúla ó bhreosla iontaise.

Gan maoiniú tréan leanúnach go luath, is chun olcais go mór a rachfas an t-athrú aeráide agus an tionchar ar an aimsir a deir siad.