Tá seachtar ceaptha ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar Chomhairle an Stáit de réir Alt 31 den Bhunreacht.
Sin iad Fionnuala Ní Aoláin; Linda Ervine; Colin Harvey; Kathleen Lynch; Donncha O'Connell; Conor O’Mahony; agus Ciarán Ó hÓgartaigh.
Cainteoir dúchais Gaeilge as Conamara is ea Fionnuala Ní Aoláin, ar Ollamh le Dlí í freisin in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Is Feirsteach í Linda Ervine, bainisteoir an chéad ionad Gaeilge i gceantar dílseoirí.
Tá Colin Harvey ina Ollamh le Cearta Daonna i Scoil an Dlí, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Socheolaí is ea Kathleen Lynch, Ollamh Staidéir Chomhionannais (Emerita) i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Is Ollamh Bunaithe le Dlí in Ollscoil na Gaillimhe é Donncha O'Connell.
Ollamh le Dlí is ea Conor O'Mahony, agus Déan Scoil an Dlí, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is iarUachtarán Ollscoil na Gaillimhe é Ciarán Ó hÓgartaigh.
Tá feidhmeannaigh agus iarfheidhmeannaigh shinsearacha an Stáit ina mbaill de Chomhairle an Stáit cheana de bhun dhintiúir a n-oifige nó a n-iaroifige.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ