Tá Martina Burke agus a hiníon Ammi Burke gafa ag na Gardaí i gCo Ros Comáin de bhun barántais a d'eisigh an Ard-Chúirt i leith na beirte.
D'ordaigh an chúirt an bheirt a ghabháil agus a chur i bpríosún go ceann coicíse faoi dhíspeagadh cúirte.
Is ag Príosún an Chaisleáin Riabhaigh a gabhadh iad, áit a raibh siad ar cuairt ar Enoch Burke, mac le Martina agus deartháir le Ammi. Bhí an t-athair, Seán Burke, in éindí leo.
Tuigtear gur chuir údaráis an phríosúin fios ar na Gardaí agus gabhadh an bheirt bhan nuair a tháinig siad amach as an bpríosún.
Is cosúil go gcuirfear iad in ionad coinneála na mban i bPríosún Mhuinseo níos deireanaí.
Ag éisteacht san Ard-Chúirt ar an 4 Márta, dúirt an Breitheamh Brian Cregan go raibh sé thar am deireadh a chur le hamaidí Martina agus Ammi Burke.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ