Os cionn 300 duine a chuir isteach go dtí seo ar an scéim íocaíochta a bhunaigh an Rialtas ar son daoine a tháinig slán ó dhóiteán an Stardust i 1981 nó a gortaíodh dá bharr, de réir figiúirí nua ón Roinn Dlí agus Cirt.
Íocaíocht aon uaire de €20,000 a gheobhas na daoine a bhreithnítear atá ina theideal as an bhfad millteach aimsire a ghlac sé ar na húdaráis an ceart a dhéanamh leo.
Is iad na daoine atá i gceist an dream a fuair íocaíochtaí ón mbinse cúitimh a bunaíodh i 1985, sin 823 duine.
Cháin cuid acu cheana an scéim nua mar nár ceadaíodh leosan é.
Ina cheann sin, is é an íocaíocht chéanna a gheobhas gach uile dhuine ach b'fhearr le cuid acu dá mba de réir a gcúinsí pearsanta a d'íocfaí iad. Sin a gealladh dóibh a chéaduair, a deir siad.
Dúirt dlíodóir na ndaoine sin go raibh an-díomá orthu faoin scéim atá beartaithe agus go mbeidís ag iarraidh cruinniú leis an Aire Dlí agus Cirt leis an gcúis a phlé.
Maraíodh 48 duine óg i loscadh mór i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Oíche na Féile Vailintín 1981.
Gortaíodh thart ar 200 duine eile mar gheall ar an doiteán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ